Search

06 Sept 2025

Scríbneoir as Úibh Fhailí ceaptha mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ag an gCumann Gaelach na hEaglaise

RITA KELLY

Dr Rita Kelly

Tá an-áthas ar Chumann Gaelach na hEaglaise a fhógairt go bhfuil an Dr Rita Kelly ceaptha mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ag an gCumann. Beidh aithne is cur amach ag a lán daoine uirthi mar is file agus scríbhneoir dátheangach í le fada an lá. Tá sí páirteach i ngluaiseachtaí áirithe na Gaeilge leis na blianta.
Bhí sí pósta le hEoghan Ó Tuairisc (1919-1982), scríbhneoir mór le rá i saol na hÉireann.
Ó 2015, tá sí pósta le Edel Connolly, iar-phríomhoide meánscoile.
Is Gaillimheach í Rita ó dhúchas, baineann sí go mór mór le hOirthear na Gaillimhe. Chaith sí tamall ag cur fúithi sa Ghearmáin, in Manhattan, i bPort Láirge agus cois Bearbha gar do Cheatharlach agus áiteanna eile nach iad.
Is i mBiorra, Co. Uíbh Fhailí atá sí lonnaithe faoi láthair, rud a bhíonn iontach áisiúil di chun taisteal go gach cearn den tír mar beidh Rita ag feidhmiú ar fud na tíre, ó Thuaidh agus ó Dheas, i measc an phobail agus eagrais na hEaglaise leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá an-áthas uirthi go bhfuil an tír ar fad faoina cúram aici sna cúrsaí seo.
Bíonn Rita an-ghníomhach ina paróiste féin i mBiorra, agus cháiligh sí ní ba luaithe sa bhliain mar Léitheoir Tuata; is comhalta de Rogh-Bheistrí Bhiorra í chomh maith. Cuireann sé ríméad uirthi glactha leis an bpost seo. Tugann an post seo deis di daoine a chur in aithne dá chéile, daoine ag a bhfuil togha na Gaeilge acu agus a bhaineann le hEaglais na hÉireann ó thus, ach nach bhfaigheann deis i gcónaí a gcuid Gaeilge a labhairt ná a gcreideamh a chleachtadh trí mhéan na Gaeilge.
Aithníonn Rita, mar aon leis an gCumann, an méid oibre atá deánta ag Caroline Nolan, a bhí sa phost roimpi go dtí le deanaí (2011-2022).
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 (1) chun meon na Seaneaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus na baill den Eaglais a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.
Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham, agus tacaíonn sé leo - mar shampla, Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile Pádraig agus féilte eile. Tacaíonn Cumann Gaelach na hEaglaise le seirbhísí Gaeilge in Ardteampall Chríost, in Ardteampall Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath; Ardteampeall Fhionnbarra i gCorcaigh, Ardteampeall Chríost i bPort Láirge. Anois, tar éis na pandéime tá súil ag an gCumann an tacaíocht chéanna a chur ar fáil do pharóistí ar fud na tíre chun Seirbhísí Gaeilge a chothú.
Tá an post seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Tá súil ag Rita go rachaidh daoine i dteagmháil léi chun cibé cabhair is féidir léi nó leis an gCumann a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil fonn orthu úsáid na teanga a leathnú i measc phobal na hEaglaise.
Teagmháil: gaeleaglais22@gmail.com
Teil: 087 6728974

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.