‘Parkrun Abú’ Bhealach na Canálach Móire, An Tulach Mhór


Tháinig an ghrian amach agus d’fhreastail 100 rannpháirtí ar Parkrun Abú
Tháinig an ghrian amach agus d’fhreastail 100 rannpháirtí ar Parkrun Abú.
Is é atá i gceist le Parkrun Abú ná Parkrun ina bhfuil an bhéim ar an nGaeilge. Tugadh na treoracha amach i nGaeilge agus ansin i mBéarla. Dúirt Gearóid Oman, stiúrthóir an rith, agus é ag magadh, go mbeadh pionóis ama ar aon duine nach mbeadh ag caint Gaeilge agus iad ag trasnú na líne deiridh. Spreag Gearóid na rannpháirtithe “maith thú” a rá lena chéile agus iad ag beannú dá chéile i rith Parkrun Abú.
D’fhreastail 100 duine ar an ócáid, an slua ba mhó ag parkrun Bhealach na Canálach Móire seachas nuair a bhí Sonia O’Sullivan mar aoi spéialta. Bhí Gaeilge líofa ag roinnt de na hoibrithe deonacha agus rinne roinnt mhaith iomaitheoirí comhrá leo i ndiaidh an rith. Dúirt Gearóid gur mhór aige an méid daoine a rinne iarracht cúpla focal Gaeilge a úsáid agus a bhain triail as comhrá a bheith acu trí Ghaeilge.
Bhí cuairteoirí againn ó Londain, ó Bhaile Átha Cliath agus daoine a ghlac páirt den chéad uair ó Chúil an tSúdaire. Ghabh Gearóid buíochas leis na hoibrithe deonacha ar fad a chabhraigh leis an ócáid seo agus a oibríonn gach seachtain leis an Parkrun a chur ar fáil i dTulach Mhór.